12 Agus tug an talaṁ mínḟéur, agus luiḃ do ḃeir síol do réir a ċinéil, agus crann do ḃeir toraḋ, noċ ann a raiḃ a ṡíol do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.
Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ féur, agus an luiḃ as a ttig síol, agus crann toraiḋ do ḃeir toraḋ do réir a ċinéil, a mbí a ṡíol ann féin ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin.
Oír mar do ḃeir an talaṁ a ḟás amaċ, agus aṁuil do ḃeir an gáirdín ar na neiṫiḃ cuirṫear ann fás a níos; marsin do ḃéar an Tiġearna DIA fíréanntaċd agus molaḋ dfás súas as coinne na nuile ċríoċ.
Agus an tí do ḃeir síol don tsioladóir agus arán ċum beaṫa, go dtuguiḋ agus go méuduiġe sé ḃur síolċursa, agus go dtuguiḋ sé dó ṫorṫuiḃ ḃur ḃfiréuntaċda fás;)