Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 1:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ féur, agus an luiḃ as a ttig síol, agus crann toraiḋ do ḃeir toraḋ do réir a ċinéil, a mbí a ṡíol ann féin ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 1:11
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug an talaṁ mínḟéur, agus luiḃ do ḃeir síol do réir a ċinéil, agus crann do ḃeir toraḋ, noċ ann a raiḃ a ṡíol do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.


Agus a duḃairt Día, Féuċ, tug mé ḋíḃ gaċ uile luiḃ do ḃeir síol da ḃfuil ar druim na talṁan, agus gaċ uile ċrann, an a ḃfuil toraḋ croinn do ḃeir síol; biáiḋ sé na ḃíaḋ ḋiḃ.


Agus do aiṫin an TIĠEARNA Día don duine, ag ráḋ. Do ṫoraḋ gaċ uile ċrainn annsa ġairdin féaduiġ tu diṫċe go sáor:


Agus gaċ plannda don ṁaċaire suil do ḃí sé annsá talaṁ, agus gaċ uile luiḃ don ṁaċaire suil do ḟás sé: óir ní ṫug an TIĠEARNA Día fearṫuinn ar an ttalaṁ, agus ní raiḃ duine do ṡáoiṫreóċaḋ an talaṁ.


Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc.


Ar son na talṁan, is as ṫig an tarán: agus faói sin iompoiġṫear súas mar do ḃíaṫ teine.


Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.


Noċ ḟolċus neaṁ ré néulluiḃ, noċ ullṁuiġias fearṫuinn don talaṁ, noċ do ḃeir air ḟéur fás air na sléiḃtiḃ.


Oír mar do ḃeir an talaṁ a ḟás amaċ, agus aṁuil do ḃeir an gáirdín ar na neiṫiḃ cuirṫear ann fás a níos; marsin do ḃéar an Tiġearna DIA fíréanntaċd agus molaḋ dfás súas as coinne na nuile ċríoċ.


Oír biáiḋ sé aṁuil crann plannduiġṫe láiṁ ris na huisceaḋuiḃ, agus ṡíneas amaċ a ḟréaṁa láiṁ ris an tsrúṫ, agus naċ ḋfaicfiḋ a núair ṫig an teasḃaċ, agus biáiḋ a ḋuille glas; agus ni ḃiáiḋ cúramaċ a mbiíaḋuin an tarta, ní mó scuirfios sé do ṫáḃairt tórinḋ.


Agus a nois atá an túaġ ar na cur do ċum fréiṁe na gcrann: air a naḋḃarsin gioḋ bé crann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear san teiniḋ é.


Agus, ma eúduiġeann Día mar sin luiḃ an ṁaċaire, áta a niuġ ann, agus a máraċ ar na ṫeilgein sa núaṁain, a né naċ mó na sin siḃsi, a ḋaóine beigċreidṁeaċa?


Oír is dá ḋeóin féin do ḃeir an talaṁ toraḋ; ar tús an geaṁar, agus na ḋíaiġ sin déus, agus na ḋíaiġ sin arḃar iomlán sa déis:


Aċd do ḃeir Día corp ḋó do réir a ṫola féin, agus dá gaċ uile ṡíol a ċorp féin fó leiṫ.


Oír an talaṁ ṡlúigeas a nfearṫuinn ṫig go minic air, agus do ḃeir luiḃionna úaḋa ṫéid a dtárḃa don druing ṡáoṫruiġeas é, do ġéiḃ sé beannaċd ó Ḋía:


An féidir a ḋearḃráiṫre, do ċrann fige, cáora ċrainn ola ṫaḃairt úaḋ? nó do ċrann fíneaṁna, fígiġe? is aṁluiḋ sin naċ féidir do ṫiubruid ar biṫ uisge sáile agus fioruisge do ṫaḃairt úaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ