10 Agus do ġoir Día don úir ṫirm talaṁ, agus do ċruinniġṫiḃ na nuisgeaḋ do ġoir sé fairge; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.
Agus do ċonnairc Día an solus: gur ṁaiṫ é, agus do roinn Día idir an solus agus an dorċadus.
Bíaiḋ glóir an TIĠEARNA go síorruiḋe: do ḋéanaiḋ an TIĠEARNA lúṫġaire iona oibreaċaiḃ.
Noċ do rinne neaṁ, agus talaṁ, an ṁuir, agus a nuile ní atá ionnta: noċ ċongṁas fírinne go síorruiḋe:
Cruinníġiḋ sé uisgeaḋa na mara aṁuil cárnn: agus cuiriḋ súas an dúḃaigéan a ttiġṫiḃ ionnṁuis.
Is leis an ṁuir, agus é féin do rinne í, agus do ċumadar a láṁa an fearann tirim.
Agus a duḃairt seision ríu, Eaḃraḋaċ mé; agus atá eagla an TIĠEARNA, Día neiṁe orum, noċ do rinne a nfairge agus an talaṁ tirim.
Seision an Ċarruicc, atáid a oibreaċa iomlan: óir is breiṫeaṁnus a ṡliġṫe uile: Día na fírinne agus gan égceart, ceart agus díreaċ atá sé.