Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ar ttús do ċruṫaiḋ Día neaṁ agus talaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 1:1
67 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


Oir is ioḋuil uile deé an ṗobail: aċd is é an TIĠEARNA do rinne na fiaiṫis.


¶ Ann sin do ḟreagair Húram ríġ Tíor a scríḃinn, noċ do ċuir sé go Solaṁ, Do ḃríġ gur bionṁuin leis an TTIĠEARNA a ḋaóine, do rinne sé ríġ ḋíotsa ós a ccionn.


Tusa, eaḋon tusa aṁáin, as TIĠEARNA ann; is tú do rinne neaṁ, flaiṫeas na ḃflaiṫeas, maille re na slúaġ uile, an taluṁ, agus na huile neiṫe dá ḃfuil ann, na fairgeaġḋa agus a nuile ní dá ḃfuil ionta, agus cuṁduiġiḋ tusa íad uile, agus aḋruiḋ sluaġ niṁe ṫu.


Do scíaṁuiġ sé na neaṁa le na spiorad; sí a láṁ do ċum a naiṫir niṁe cam.


Cait a raiḃ tusa núair do ṡuiġiḋ misi bunáit an doṁuin? foillsiġ, má tá tuigse agad.


An té aṁáin leaṫnuiġios amaċ na neaṁa, agus ṡaltras ar ṫonnuiḃ na fairge.


O ṫosaċ do ṡuiġiḋ tú bunáit na talṁan: agus síad na flaiṫis oibreaċa do láṁ.


Ca líon hoiḃreaċa, a ṪIĠEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talaṁ lán dot ṡaiḋḃrios.


Cuirir do spiorad uáid, agus cruṫuiġear íad: agus aṫnúaiḋṫear aġaiḋ na talṁan.


Is beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA noċ do rinne neaṁ agus talaṁ.


Is ón TTIĠEARNA atá mo ċaḃair, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ.


Is a nainm an TIĠEARNA atá ar ḃfurtaċt, noċ do rinne neaṁ agus talaṁ.


Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫú as Síon cruṫuiġeóir niṁe agus talṁan.


An té do rinne na flaiṫis le heagna: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Noċ do rinne neaṁ, agus talaṁ, an ṁuir, agus a nuile ní atá ionnta: noċ ċongṁas fírinne go síorruiḋe:


Re breiṫir an TIĠEARNA do rinneaḋ na flaiṫeaṁnuis; agus le spiorad a ḃéil a ṡlúaġ uile.


Oír do laḃair sé, agus do rinneaḋ aṁluiḋ; do aiṫin sé, agus do cruṫuiġeaḋ é.


A nuáir ṁeasuim do ḟlaiṫis, obair do ṁéur, an ré agus na réulta, noċ do órduiġis;


Cred é an duine, as a ḃfuil tú cuiṁneaċ air? agus mac an duine, as a ḃfiosruiġionn tú é?


Súil rugaḋ na sléiḃṫe, agus suil ar ċum tusa an talaṁ agus an sáoġal, go deiṁin ó ṡíorruiġeaċt go síorruiġeaċt, atá tú ad Ḋía.


Oír is ioḋail uile ḋée na ndaóine: aċt isé an TIĠEARNA do rinne na neaṁḋa.


Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é.


Agus tug sé do Ṁaóise, a nuáir do ċríoċnuiġ sé a ċoṁráḋ leis ar ṡlíaḃ Sínai, ḋá ċlár na fiaḋnuise, cláir ċloiċe, sgríoḃṫa lé méur Dé.


Ḋó féin do rinne an TIĠEARNA gaċ uile ní: an ciontaċ fós, a gcionne laé a nuilc.


Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA an talaṁ le na ġliocas; le tuigse do ḋaingniḋ sé na flaiṫeaṁnuis.


Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;


O a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, noċ áitreaḃus edir na ċerubíniġ, is tu an Día, ṫúsa féin aṁáin, do uile rioġaċdaiḃ na talṁan: is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


Naċ fios daóiḃsi? naċ ccúalaḃair? naċ ar hinnseaḋ ḋíḃ ó ṫosaċ? naċ ar ṫuigeaḃair ó ḃunáitiḃ na talṁan?


¶ Tógḃuiġ súas ḃur súile go hárd, agus féuċaiḋ cía do ċruṫaiḋ na neiṫesi, noċ do ḃeir a slóġ amaċ le háireaṁ: goiriḋ sé uile íad as a nanmannaiḃ le méud a ċuṁaċd, óir atá sé láidir a ccuṁaċdaiḃ; ní ḟailliġionn áon é.


Naċ raiḃ a ḟios agad? naċ ccúala tú, naċ lagaiḋṫear an Día siorruiḋe, an TIĠEARNA, Cruṫaiġṫeóir ṫéorann na talṁan, agus naċ ccuirṫior é? ní ḃfuil scrúdaġ ar biṫ air a ṫuigsin.


¶ Is marso a deir Día an TIĠEARNA, an té do ċrúṫaiġ na neaṁa, agus do ṡín amaċ íad; an té do ṡreaṫnuiġ amaċ an talaṁ, agus an ní ṫig amaċ as; an té do ḃeir anál do na daoiniḃ air, agus spiorad don ṁéid ṡiuḃluiġios ann:


Is marso a deir an TIĠEARNA, ṫiuascaltóir, agus an té do ċum ṫú as an mbroinn, is misi an TIĠEARNA do ní gaċ uile ní; noċ aṁáin ṡíneas amaċ na neaṁa; leaṫnuiġios amaċ an talaṁ liom féin;


Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.


Agus ḋearmaduiġios an TIĠEARNA do ċruṫaiġṫeóir, noċ do leaṫnuiġ amaċ na neaṁa, agus do ṡuiġiḋ bunáit an doṁuin; agus go raiḃ eagla ort gaċ aon lá go cinnte do ḃríġ cuṫaiġ an ṁilltéora, fa mar do ḃiaṫ réiḋ ċum scriosta? agus cáit a ḃfuil cuṫaċ an ṁillteóra?


Agus do ċuir misi mó ḃríaṫar ad ḃéul, agus dfoluiġ mé ṫú ar scáile mo láiṁe, ċor go bplainndeoċuinn na neaṁa, agus go suiġfinn bunáite na talṁan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo ṗobal.


¶ Oir, féuċ, cruṫuiġim neaṁ núaḋ agus talaṁ núaḋ: agus ní cuiṁneoċṫar na céidneiṫe, agus ní mó ṫiucfuid a ninntinn.


Do rinne sé an talaṁ le na ċuṁaċt, sé do ḋaingniḋ an talaṁ lé na eagna, agus do ṡín amaċ na neaṁa le na ġliocus.


Ah a Ṫiġearna DIA! féuċ, do rinne tú neaṁ agus talaṁ le do ċuṁaċtaiḃ móra agus le ríġ sínte amaċ, agus ní ḃfuil aoinní ro ċruáiḋ ḋuitsi:


Do rinne sé an talaṁ lé na ċuṁaċt, do ḋaingniġ sé an doṁan lé na ġliocus, agus do ṡín sé amaċ na flaiṫis le na ṫuicsin.


Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.


Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.


Oír biáiḋ annsna laéṫiḃsin aṁgar, aṁail naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús cruṫaiġe na neiṫeaḋ do ċruṫaiġ Día go soiṫe so, agus náċ bía go bráṫ.


Agus ag ráḋ, A ḋáoine, créud fá a ndéantáoi na neiṫese? Oir is dáoine sinnse féin, cosṁail a ḃfulangṫaiḃ riḃse, ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ fileaḋ ó na neiṫiḃ dioṁáoineaċsa ċum Dé ḃí, noċ rínne neaṁ, agus talaṁ, agus a nfáirge, agus na huile neiṫe atá ionnta:


Oír ní ḋeannann an Día do rinne an doṁan agus gaċ uile ni ḋá ḃfuil ann, ar mbeiṫ ḋó na Ṫiġearna ar neaṁ agus talaṁ, coṁnuiḋe a dteampluiḃ láiṁ-ḋéanta;


Agus ar na ċlós so ḋóiḃsean, do ṫógḃadar súas a ngúṫ déantoil ċum Dé, agus a duḃradar, a Tiġearna, is tusa an Día do rinne neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟáirge, agus gaċ a ḃfuil ionnta:


Oír is úaḋasan, agus ṫrídsion, agus ar a ṡonsan atáid na huile neiṫe: glóir ḋó féin go síorruiḋe. Amén.


Giḋeaḋ ní ḃfuil aguinne aċd áon Ndía aṁáin, an Taṫair, ó a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne annsan: agus éin Tiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne ṫrídsion.


Agus a ḟoillsiuġaḋ do na huile ḋáoiniḃ créd é cumann ná rúindiaṁra, noċ do ḃí folaiġṫe ó ṫus an doṁain a Ndía, noċ do ċrúṫuiġ na huile neiṫer tré Iósa Críosd:


Agus, As tusa, a Ṫíġearna, tug fonndameint ḋaingean don talaṁ ó ṫús: agus a síad na flaiṫeaṁnuis oibreaċa do láṁ.


Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;


As tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur crúṫuiġeaḋ an doṁan tré ḃréiṫir Dé, ionnas go ndearnaḋ neiṫe sóḟaicsiġ do na neiṫiḃ dóḟaícsiġ.


Oír ní ḃfuil tíġ ar bíṫ naċ duine éigin ṫógḃus é; agus an tí do ṫóg na huile neíṫe sé Día é.


Oír atáid na ainḃfios so déuntoisg go raiḃ neaṁ ann fada ó ṡin tré ḃréiṫir Dé, agus an talaṁ ṡeasas go deingean as a nuisge agus ann sa nuisge:


An ní do ḃí ann ó ṫús, an ní do ċúalamar, an ní do ċonncamar ré ar súiliḃ féin, an ní air ar ḟéuċamar, agus do ġlacadar ar láṁa, a dtáoḃ Ḃréiṫre na beaṫa;


Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda:


Ag ráḋ do ġúṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oruiḃ, agus tuguiḋ glóir ḋó; óir táinic uáir a ḃreiṫeaṁnuis: agus déunuiġ úṁla don tí do ċrúṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟairrge, agus na tuibruideaċa uisge.


Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.


As misi Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, an ċéidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ