9 A nuáir laiḃeórus Ṗárao riḃ, ag ráḋ, Taisbeanuiḋ míorḃuile ar ḃur son fein: ann sin déara tusa ré Háaron, Glac do ṡlat agus teilg a ḃfiaġnuisi Ṗárao í, agus do ḋéantar naṫair niṁe ḋi.
Agus do ṡín Maóise a ṡlat amaċ ós cionn ċríċe na Hégipte, agus tug an TIĠEARNA gáoṫ a noir ar an ttalaṁ, feaḋ an láoi sin uile, agus ar feaḋ na hoiḋċe sin uile; agus íar dteaċd na maidne, tug an ġáoṫ a noir lócuistiġ.
Agus do ṡín Maóisi a ṡlat amaċ ċum niṁe: agus do ċuir an TIĠEARNA tóirneaċ agus cloiċṡneaċda agus táinic an teine ar feaḋ na talṁan, agus do ḟear an TIĠEARNA cloiċṡneaċda ar ċríċ na Hégipte.
Laḃair, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a Ṗarao a ríġ na Hégipte, an dragún mór luiġios a lár a aiḃneaḋ, noċ a duḃairt, Is liom féin mo ṡruṫ, agus do rinne mé ḋaṁ féin é.
Aċd ar ḃreagra ḋósan, a dúḃairt sé ríu, Iarruiḋ an geinealaċ olc agus aḋaltrannaċ coṁarṫa; agus ní tioḃarṫar coṁarṫa ḋóiḃ, aċd an coṁarṫa úd Iónas an ḟaiḋ:
Aċd má ním, gé naċ ccreidtí ḋaṁsa, creidiḋ do na hoibreaċuiḃ: ionnus go naiṫéonaḋ siḃ, agus go gcreidfeaḋ siḃ, go ḃfuil an Taṫair ionnamsa, agus misi annsan.