Agus laiḃéora tusa ris, agus cuirfe tú bríaṫra íona ḃéul: agus biaiḋ misi maille red ḃéulsa, agus le na ḃéulsan, agus múinfe mé ḋáoiḃ cread do ḋéantáoi:
Agus biáiḋ sesion na ḟior edirṁíniġe agad ris an bpobal: agus biáiḋ sesion, éaḋon biáiḋ sesion féin a náit béil duitsi, agus biáiḋ tusa a náit Dé ḋósan.
Agus na ḋiáiġ sin do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron a steaċ, agus do inniseadur do Ṗárao, Marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndearnaid féusda ḋaṁsa san ḃfásaċ.
¶ Criosluiġ ṫusa ar a naḋḃarsin do leasraċ súas, agus éiriġ, agus laḃair ríu a nuile ní dá naiṫeonuiḋ misi ḋíot: na bíoḋ anḃfainne ort ré na naiġṫiḃ, deagla go cclaóiḋfuinn ṫusa rompasan.