Agus tárrla fa nam sin, a nuáir do ḟás Máoisi, go ndeaċuiḋ sé amaċ mar a raḃadur a ḋearḃráiṫre, agus gur ḟéuċ sé ar a núaluiġiḃ: agus do ċonnuirc Egipteaċ ag búalaḋ Eaḃruiḋiġ, áon dá ḋearḃráiṫríḃ.
Uimesin a dúḃradar na prionnsaḋa ris an ríġ, Iarramaoid daṫċuinge ort, cuirṫear an té so ċum báis: óir is marso laguiġios sé láṁa fuiġeal luċt cogaiḋ na caiṫreaċso, agus láṁa an ṗobuil uile, ag laḃairt a leiṫeide so do ḃríaṫruiḃ riú: óir ní hé leas na ndaóinese íarrus an fearso, aċt a naiṁleas.
Ann sin do ċuir Amasiah sagart Ḃét‐el fios go Ieroboam ríġ Israel, ag ráḋ, Dfeall Amos ad aḋuiġ a lár ṫiġe Israel: ní héidir leis an ttír a ḃríaṫra uile diomċar.
Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.