9 Agus coiṁċeangeola tú cúig cúirtíne leó féin, agus sé cúirtíne leó féin, agus dúibleoċa tú an seiseaḋ cúirtín a néadan tosuiġ an tabernacuil.
Agus do ḋéana tú cáogad lúb ar imiol a néanċúirtín atá táoḃ a muiġ annsa ccoiṁċeangal, agus cáogad lúb a nimiol an ċúirtin noċ ċeingeolus an dara cúpla.
Cúipleoċṫar cúig cúirtíniġ dá ċéile; agus cúig cúirtíníġ cúpluiġe dá ċéile.
Agus do ḋéana tú cúirtíne dfionnaḋ gaḃar do ḃeiṫ na ḟolaċ ar an tabernacuil: do ḋéana tú éanċuirtin déag.
Buḋ hé fad éan ċuirtín trioċad cuḃad, agus leiṫead éan ċúirtín ceiṫre cuḃaid: agus béid an téanċuirtín déag uile dáoinṁiosúr.