Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.
Agus cruṫoċuiġ an TIĠEARNA ar gaċ áonáit ċoṁnuiġe do ṡliaḃ Ṡion, agus ar a hoireaċdusuiḃ, néull agus céo san ló, agus loinnreaḋ teineaḋ lasaṁla san noiḋċe: óir biaiḋ cuṁdaċ ar an nglóir uile.
Agus iomċoruid siad cúirtíniġ an tabernacuil, águs tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, a ḟolaċ, agus an folaċ, do ċroicniḃ broc ḃías ṡúas aír, agus brat doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
Agus gaċ áon, agár fríṫ gorm agus purpuir, agus scarláoid, agus lineadaċ fínealta, agus fionnaḋ gaḃar, agus croicne dearga reiṫeaḋ, agus croicne broc, tugadar leó íad.
Os a ċionn sin, do ḋéana tú an tabernacuil maille re déiċ gcúirtín do líon ḟineúlta ċasta, agus gorm, agus purpair, agus scairláoid: maille re ċerubíniḃ dobair ġéarċúisiġ do ḋéana tú íad.
Agus buḋ é cúram ṁac Gerson a ttabernacuil an ċoṁċruinnigṫe an tabernacuil, agus an lóistín, agus a ḃfolaċ sin, agus croċaḋ ċum doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,