Agus do ḋéana tú lúba do ġorm ar imliḃ gaċ éanċuirtin ón ċuṁais annsa gcoiṁíaḋaġ: agus mar sin do ḋéana tú an sa nimiol is faide amaċ do ċúirtín eile, ó imíaḋaġ an dara coda.
Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Aṫair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeaḋ an sáoġal gur tusa do ċuir uáit mé.
O na ḃfaġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó go ceart coimċeanguilte, agus dluṫaiġṫe ré ċéile tré ċoiṁċeangal na nuile ḃall ré a gcoiṁlíontar é, maille ré hoibriuġaḋ bríoġṁar do réir ṁiosúir gaċ éunḃuill, fás iomċuḃaiḋ cuirp ċum a ḟollaṁuiġṫe féin a ngráḋ.
Agus naċ ccongṁann sé an Ceann, as a ḃfáġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó gan uireasḃaiḋ dlíṫuiġe ré ċéile, tré altuiḃ, agus tré ċoiṁċeangaltuiḃ, fás tré ḟás Dé.
Ionnus go mbíaḋ sólás air ccroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ ḋóiḃ dluṫuiġe ré ċéile a ngráḋ, agus a nuile ṡaiḋḃrios ṡáirḋearḃṫaċd tuisge, ċum éolais rúindíaṁra Dé, eaḋon a Naṫar, agus Críosd;