Giḋeaḋ do ṡeas an Tíġearna láiṁ rium, agus do neartuiġ sé mé; ionnus go mbíaḋ seanmóir an tsoisgeil dearḃṫa ṫríomsa, agus do gcluinfedis na Cineaḋaċa uile í: agus do sáoraḋ mé ó ḃéul an leoṁain.
Agus ar dteaċd do Ṗeadar ċuige féin, a duḃairt sé, A nois atá a ḟios agum go dearḃṫa, gur ċuir an Tiġearna a aingeal úaḋ, agus gur ṡáor sé mé ó laiṁ Iorúaiḋ, agus ó uile ċoiṁéud an ṗobail Iúdaiġe.
Do ċuir mo Ḋía a aingiol, agus do ḋruid sé béil ná leoṁan, iondus nar ġortuiġeadar mé: do ḃríġ gur fríṫ neiṁċionta ionnam dá laṫair; agus fós ad ḟiaġnuisisi, a ríġ, ní ḋéarna mé urċóid ar biṫ.
Annois a nuáir do ċúaluiḋ Ṗárao an nísi, do íarr sé Máoisi do ṁarḃaḋ. Aċ do ṫeiṫ Máóisi as raḋarc Ṗárao, agus so ċoṁnuiġ sé a gcriċ Ṁídian: agús do ṡuiġ sé síos laiṁ re tobar.
Do ṁúċ neart na teineaḋ, do ċuáiḋ as ó ḟáoḃar an ċloiḋiṁ, tugaḋ ó laige go láidireaċd, do rinneaḋ neartṁar a gcaṫ, do ċuir a dteiṫeaṁ sluáiġe na neaċdrannaċ.
Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn: