Agus go maḋ aṁluiḋ ḃiás, a núair ċluinfios tú torann dula a steaċ air ṁullaċ na ccrannsméur, gurob annsin ċorroċus tú ṫú féin: óir is ann sin raċus an TIĠEARNA amaċ roṁad, do ḃúalaḋ sloiġ na Ḃṗilistíneaċ.
Oír raċa misi tré ċríċ na Hégipte a noċd, agus buáilfead a nuile ċéidġin aittír a Négipt, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ; agus daiṁḋeóin uile ḋée na Hégipte cuirfeaḋ breiṫeaṁnus a gcríċ: as misi an TIĠEARNA.
Oír raċaiḋ an TIĠEARNA ar faḋ do ḃúalaḋ na Hégipte; agus a nuáir do ċífe sé a nfuil ar a ḃfárdorus, agus ar a dá ursainn, géuḃuiḋ an TIĠEARNA ṫar a ndorus agus ní léigfe don ṁillteóir teaċd a steaċ ann ḃur ttiġṫiḃ dá ḃur mbúalaḋ.
Agus táinic a ccriċ, san meaḋon oiḋċe gur ḃuail an TIĠEARNA a nuile ċéidġin a dtir a Négipt, ó ċéidġin Ṗárao noċ do ṡuiḋ na ċaṫaóir ríoġa, go céidġin na braiġde do ḃí san ṗríosún; agus a nuile ċéidġin na hairnéisi.
Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.
Ṫáinic an bristeóir súas rompa: do ḃriseadar súas, agus do ġaḃadar ṫríd an ngeata, agus do ċúadar amaċ ann: agus raċuiḋ a ríġ rompa, agus an TIĠEARNA iona ccionn.