Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Exodus 11:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḃéara mé fós éanṗláiġ aṁáin eile ar Ṗárao agus ar a Négipt: na diaiġ sin leigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd as so; a nuáir léigfiḋ sé ḋíḃ imṫeaċd: dingfiḋ sé go deiṁin as so amaċ go hiomlán siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Exodus 11:1
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus má ṡiuḃluiġṫí contrárḋa ḋaṁsa, agus náċ éisdfiḋe rium; do ḃéura mé seaċd nuáire eile tuilleaṁ plaiġe oruiḃ do réir ḃur bpeacaḋ.


Agus mar an gceadna an cineaḋsin, dá ndéanuid serḃís, béuradsa breaṫ orra: agus na ḋiáiġ sin tiocfaid amaċ maille re máoin ṁóir.


Oír cuirfe mé a nois mo ṗláġa uile ar do ċroiḋe, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir; ċor go mbia a ḟios agad naċ ḃfuil mo leiṫeid eile san doṁan.


Agus sínfe misi mo laṁ amaċ, agus buáilfe mé a Négipt leam uile iongántuiḃ, noċ do ḋéana mé ann a lár, agus na ḋiáiġ sin léigfiḋ sé ḋaóíḃ imṫeaċd.


Nó ar ġaḃ Día a láiṁ imṫeaċd agus cíneaḋ do ġlacaḋ ċuige as lar ciniḋ eile, lé caṫuiġiḃ, lé coṁarṫuiḃ, agus lé hiongantuiḃ, agus lé cogaḋ, agus le láiṁ laidir, lé láiṁ ṡínté amaċ, agus lé húaṫḃásuiḃ móra, do réir a nuile neiṫe dá ndeárna an TIĠEARNA ḃur Ndía riḃsi san Négipt as coinne ḃur súl?


Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan.


Aṫnúaiḋiġ tú ṫfiaḋuin am aġaiḋ, agus méuduiġiḋ tú ṫfearg orum; atáid malarta agus cegaḋ am aġaiḋ.


An sin a duḃradarsan, Cred é an nofráil ṡáruiġ noċ ḟillfiom ċuige? Do ḟreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig luċa óir, do réir uiḃre ṫiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ: do ḃríġ gurob aonṗláiġ do ḃí oruiḃ uile, agus ar ḃur ttiġearnuiḋiḃ.


Ann sin a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, A nois dó ċifé tú cread do ḋéansa ré Ṗárao: óir is lé láiṁ láidir léig feas sé ḋóiḃ imṫeaċd, agus lé láiṁ láidir ḋíbeorus sé as a ḋúṫaiġ íad.


Agus táinic a ccriċ, san meaḋon oiḋċe gur ḃuail an TIĠEARNA a nuile ċéidġin a dtir a Négipt, ó ċéidġin Ṗárao noċ do ṡuiḋ na ċaṫaóir ríoġa, go céidġin na braiġde do ḃí san ṗríosún; agus a nuile ċéidġin na hairnéisi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ