Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Exodus 10:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt Maóise ris, Imeoċum maille re ar nóguiḃ, agus re ar seanuiḃ, maille re ar macuiḃ agus re ar ninġeanuiḃ, maille ré ar ttreaduiḋ agus re ar neálḃaḋuiḃ imeoċum: óir caiṫfeam féasda ċongṁail don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Exodus 10:9
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiġ Ióseṗ uile, agus a ḋearḃraiṫre, agus tiġ a aṫar: aċd aṁáin a miondaóine, agus a ttréada, agus a nealḃaḋa do ḟágḃadur a ḃfearann Gosen.


Agus a duḃairt seision riú, Bíoḋ an TIĠEARNA mar sin liḃsi, fa mar léigfeas misi ḋiḃse imṫeaċd, agus dá ḃur nóguiḃ: féaċuiḋ, atá olc roṁuiṁ.


Raċaid ar náirnéis linn mar an gcéadna; ní ḟúigfeam ionga ar ndiáiġ: oir is díoḃ sin ċaiṫfeam do ġlacaḋ ċum sierḃíse do ḋéanaṁ don TIĠEARNA ar Ndía; agus ni feas dúinn cread leis a ndéanam serḃís don TIĠEARNA, nó go ttiġeam annsin.


Mar an gcéadna beiriḋ ḃur ttréada agus ḃur nealḃaḋa liḃ, mar a duḃraḃair, agus ímṫiġiḋ; agus beannuiġiḋ misi mar an gcéadna.


Agus do ġluaiseadur clanna Israel ó Rameses go Succot, timċioll sé cead míle fear dá ccois, taoḃ amuiġ do leanbuiḃ.


Agus mar an gceadna do ċuadar mórán daoine cumaisce leó súas; agus tréada agus ealḃaḋa, róṁóran áirnéise.


Seaċd lá iósas tú arán gan laiḃin, agus annsa seaċdṁaḋ lá, biaiḋ lá sáoire don TIĠEARNA.


Agus uṁloċuiḋ síadsan dod ġlór: agus tiucfa tusa, agus sinnsir Israel a cceann ríġ na Hégipte, agus déura tú ris; Tárla an TIĠEARNA Día na Neaḃruiḋeaċ rinn: agus a nois iarrmaoid daṫċuinge ort, leig ḋúinn dul aistior ṫrí lá san ḃfásaċ, go ndeárnamáois ioḋbairt don TIĠEARNA ar Ndía.


Agus na ḋiáiġ sin do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron a steaċ, agus do inniseadur do Ṗárao, Marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndearnaid féusda ḋaṁsa san ḃfásaċ.


Agus a duḃradursan, Tarla Día na Neaḃruiḋeaċ rinn: léig ḋúinn imṫeaċd, iarmáoid ort, uiḋe ṫrí lá annsa ḃfásaċ, agus ioḋbuirt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA ar Ndía; deagla go luiḋfioḋ sé oruinn le pláiġ nó lé cloiḋeaṁ.


Onoruiḋ an TIĠEARNA le do ṁaóin, agus le primidil huile ḃisiġ:


Cuiṁniġ a nois do Ċruṫaiġṫeóir a láeṫiḃ hóige, suil ṫiocfuid na droċláeṫe, nó ḋruidfid na blíaḋna ríot, a naibeora tú, Ni ḃfuil sólás air biṫ agam iontaḋ;


¶ Agus ar an ccuígeaḋ lá deug don tseaċdṁaḋ ṁí biaiḋ aguiḃ coṁġairm náoṁṫa; ní ḋéantáoi obair ṡaoṫraċ ar biṫ, agus cuiṁdeóċṫáoi féasta don TIĠEARNA seaċd la:


Agus, a aiṫreaċa, ná brosduiġe ḃur gclann ċum feirge: aċd tógḃuiḋ súas íad a dteagusg agus a ḃfoirċeadal an Tíġearna.


Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ