Agus do ġoir Ṗarao ar Ṁaóisi, agus a duḃairt, Imṫiġiḋ, déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA: aṁáin coinníġṫear ḃur ttréada, agus ḃur nealḃaḋa; éirgedís ḃur náos óg mar an gcéadna liḃ.
Agus do ġoir sé ar Ṁaóise agus ar Aáron san noiḋċe, agus a duḃairt, Eirgiḋ súas, agus imṫiġ amaċ ó ḃeiṫ a measg mo Ṗobail, siḃ féin agus clann Israel; agus éirgiḋ, déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA, mar a duḃraḃair.
Ann sin do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise, agus ar Aáron, agus a duḃairt, Guiḋiḋ an TIĠEARNA go mbeireaḋ sé na luisgionn uáimse agus óm ṁuinntir, agus léigfe mé don ṗobal imṫeaċd, go maḋ héidir leó ioḋbuírt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA.
Guiḋiḋ an TIĠEARNA naċ bía ní is mó do ṫóirniġ ṁóir nó do ċloċṡneaċda; óir is lór a ndéarnaḋ, agus léigfe misi ḋíḃ imeaċ, agus ní ḟanfuiḋ siḃsi níos sía.