Agus gníoṁa a neirt uile, agus a ċuṁaċta, agus foillsiuġaḋ ṁéud Ṁordecai, iona ndéarna an ríġ mór é, naċ ḃfuilid síad scrioḃṫa a leaḃar croiníce ríoġ na Média agus na Persia?
Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.
Agus tug an TIĠEARNA faḃar don ṗobal a raḋarc na Négipteaċ. Os a ċionn sin do ḃí an tóglaċ Maóise, ro ṁór a ccríċ na Hégipte, a raḋarc ṁuinntire Ṗárao, agus a suiliḃ an ṗobuil.
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
Féuċ, millfiḋ mé annsa namsin a nuile ḋuine ḃuáiḋreas siḃ: agus tárṫoċa mé isi atá bacaċ, agus cruinneoċad an ḃean do díbreaḋ amaċ; agus do ġeaḃa mé molaḋ agus clú ḋóiḃ ann gaċ aóintír ionar cuireaḋ náire orra.
Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.