Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 9:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Deiċ ṁic Háman ṁic Hammedata, náṁuid na Niúduiġeaḋ, do ṁarḃadar íad; aċt air a néadáil níor leagadar a láṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 9:10
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ glacfaiḋ misi ó ṡnáiṫe go héille bróige, agus naċ nglacfa mé einní is leaċdsa, deagla go naibéorṫá, do rinne mé Abram saiḋḃir:


Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do ċreaċadar an ċaṫair, do ċionn gur ṫruáilliġeadur a ndeirḃṡíur.


Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.


Agus do cuireaḋ na litreaċa ar siuḃal le teaċdairiġiḃ ċum gaċ uile ṗroiḃinnse an ríġ, do scrios, de ṁarḃaḋ, agus do ḋíoṫlaiṫriuġáḋ, a nuile Iúduiġe, edir óg agus arsuiġ, ċlainn ḃig agus ṁná, a náon ló, eaḋon air an treas lá déag don dara ṁí déag, (noċ ar bí mí Adar), agus a néadáil dó ṫógḃail súas mar ċreiċ.


Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.


Oír do reacaḋ sinn, misi agus mo ḋaóine, dar scrios, dar marḃaḋ, agus dar ndíoṫlaiṫriuġaḋ. Aċt dá reacṫaói sinn mar ḋaóirsineaċuiḃ firr agus daoirsineaċiḃ mna, ní laiḃeoruinn, mátá nár ḃféidir leis an náṁuid, dul a muġa án ríġ daisiog.


Agus a duḃairt Ester, Isé a neascara agus an náṁuid an droċḋuinesi Háman. Annsin do ġaḃ eagla Háman a ḃfíaḋnuisi an ríġ, agus na bainríoġna.


Ionta sin dáontuiġ an ríġ do na Iúduiġiḃ ann gaċ áon ċaṫruiġ a raḃadar íad féin do ċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus seasaṁ ar son a nanma, do ḋíoḃaḋ, do ṁarḃaḋ, agus do sgrios, cuṁaċt an ṗobail agus na proiḃinnse uile do ċuirfeaḋ na naġaiḋ, a ndaoine beaga aráon agus a mná, agus a néadail do ḃuain díoḃ mar ċreiċ,


Tugaḋ an lásin a laṫair an ríġ uiḃir na méide do marḃaḋ ann Súsan an pálás.


Agus Parmasta, agus Arisai, agus Aridai, agus Ḃaiseata,


Scriosfa tú a ttoraḋ ón ttalaṁ, agus a síol ó ċloinn Aḋaiṁ.


Oir a duḃairt se, Do ċionn gurṁionnuiġ an TIĠEARNA go mbíaḋ cogaḋ aige ré Amalec ó ġeinealaċ go geinealaċ.


Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar mé, ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé;


Agus daiṫin an ríġ, agus ṫugadar leó an drong sin do rinne casaoid ar Ḋániel, agus do ṫeilgiodar a nuáiṁ na leoṁan íad, íad fein, a mná, agus a cclann; agus rugadar na leoṁuin buáiḋ orra, agus do ḃrisiodar na ccotċaiḃ a ccnáṁa suil rangadar íoċdar na húaṁa.


Na déanaiḋ olc a naġaiḋ uilc ar éainneaċ. Bíoḋ cúram na neiṫeann maiṫ oraiḃ a ḃfíaḋnuise na nuile ḋáoine.


Tuille eile, a ḋearḃraiṫre, giḋ bé ar biṫe neiṫe atá firinneaċ, giḋ bé neiṫe atá trómġa, giḋ bé neiṫe atá ceart, giḋ bé neiṫe atá glan, giḋ be neiṫer as fíu gráḋ, giḋ bé neiṫe ar a ḃfuil deaġṫeisd; ma tá súḃailciġe ar biṫ, agus má tá molaḋ, go maḋ híad ḃías siḃ a smuáineaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ