Ester 9:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Anois annsa dara mí déag, (do bí sin, mí Adar), ar an treas lá déag ḋi, a núair do ḃi aiṫne an ríġ agus a órduġaḋ a ngar ré a ccur a ccríċ, annsa ló ar ṡaóileadar naiṁde na Niúduiġeaḋ cuṁaċt dfaġáil ós a ccionn, (matá gar hiompóiġeaḋ é go contrarḋa, go raiḃ buáiḋ ag na Iúduiġiḃ ós cionn na muinntire noċ do ḟúaṫuiġ íad;) အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus do cuireaḋ na litreaċa ar siuḃal le teaċdairiġiḃ ċum gaċ uile ṗroiḃinnse an ríġ, do scrios, de ṁarḃaḋ, agus do ḋíoṫlaiṫriuġáḋ, a nuile Iúduiġe, edir óg agus arsuiġ, ċlainn ḃig agus ṁná, a náon ló, eaḋon air an treas lá déag don dara ṁí déag, (noċ ar bí mí Adar), agus a néadáil dó ṫógḃail súas mar ċreiċ.