Ester 8:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)8 Scríoḃuiḋsi mar an ccéadna ar son na Níúduiġeaḋ, mar is mían liḃ féin, a nainm an ríġ, agus séuluiġiḋ é le fáinne an ríġ: óir an scríḃinn scríoḃṫaranainm an ríġ, agus ṡéuluiġṫear lé fáinne an ríġ, ní ḟéadann éanduine a ḟilleaḋ air ais. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Annsin do goireaḋ ar scriḃneóiriḃ an ríġ an treas lá déag don ċéidṁí, agus do scríoḃaḋ annsin do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Háman dfearuiḃ ionuid an ríġ, agus do na húaċtaránuiḃ do ḃí os cionn gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus do riaġlóiriḃ a nuile ṗobuil gaċ áon ṗroiḃinnsi, do réir a scríḃinn sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa; a nainm an ríġ Ahasuerus do scríoḃaḋ é, agus do séuluiġeaḋ é le fáinne an ríġ.
Agus a duḃairt sí, Más toil leis an ríġ, agus má fuáir misi caraidraḋ iona raḋarc, agus go ḃfaicṫear an ní ceart a ḃfiaġnuisi an ríġ, agus má tá mé taitneaṁaċ iona raḋarc, scrioḃṫar litreaċa Háman ṁic Hammedaṫa an Tagagiteaċ do ġairm air a nais, noċ do scríoḃ sé do scrios na Niúduiġeaḋ noċ atá a nuile ṗroiḃinnsiḃ an ríġ: