Agus gníoṁa a neirt uile, agus a ċuṁaċta, agus foillsiuġaḋ ṁéud Ṁordecai, iona ndéarna an ríġ mór é, naċ ḃfuilid síad scrioḃṫa a leaḃar croiníce ríoġ na Média agus na Persia?
¶ Agus do laḃair Ester fós a rís á laṫair an ríġ, agus do ṡléaċt fá na ċosuiḃ, agus do ġuiḋ sí é maille ré déuruiḃ urċóid Háman an Hagagiteaċ, agus an ċealg do ṫríall sé a naġaiḋ na Níuduiġeaḋ, do ċur ar ccúl.
Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.
Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ: