Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 8:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Marsin do ċúadar amaċ na postaḋa do ḃí ar muin ṁúilliḋ agus ċáṁall, ar na ndeiṫfriuġaḋ agus ar an mbrostuġaḋ ar siuḃal le haíṫne an ríġ. Agus tugaḋ a nfógra a Súsan an pálás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 8:14
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃeirdís mar sin eórna agus tuiġe da neaċaiḃ agus dá neaċaiḃ coiṁlionga go nuige a náit a mbídís na hoifigiḋ, gaċ éanduine do réir a úaluiġ féin.


Marsin dimṫiġeadar na teaċda leís na litreaċaiḃ ón ríġ agus ó na prionnsaḋuiḃ ar feaḋ Israel agus Iúdah, agus do réir aiṫne an ríġ, ġa ráḋ, A ċlann Israel, filliḋ a rís ċum an TIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, agus fillfe sé ar an ḃfuiġioll atá ḋíḃse, noċ dimṫiġ as láiṁ ríġ na Hassíria.


Briaṫra Nehemiah ṁac Haċaliah. Agus tárla a mí ċislen, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ bliaḋain, mar do ḃí mé a bpálas Ṡúsan,


Annsna láeṫiḃsi, fa nam a raiḃ an ríġ Ahasuerus na ṡuiḋe ann a ċaṫáoir ríoġa, noċ do ḃí ann Súsan an pálás,


Agus órduiġeaḋ an ríġ oifigiḋ a bproiḃinnsiḃ a rioġaċt uile, ċor go ccruinniġedís a ccionn a ċéile na huile ṁaiġdeana scíaṁaċa óga go Súsan an pálás, go tiġ na mban, fá ċuṁdaċ Hege seomradóir an ríġ, coiṁéuduiġ na mban; agus tugṫar fá deara neiṫe ċum a nglanta do ṫaḃairt dóiḃ:


Agus do cuireaḋ na litreaċa ar siuḃal le teaċdairiġiḃ ċum gaċ uile ṗroiḃinnse an ríġ, do scrios, de ṁarḃaḋ, agus do ḋíoṫlaiṫriuġáḋ, a nuile Iúduiġe, edir óg agus arsuiġ, ċlainn ḃig agus ṁná, a náon ló, eaḋon air an treas lá déag don dara ṁí déag, (noċ ar bí mí Adar), agus a néadáil dó ṫógḃail súas mar ċreiċ.


Cóip na scríḃinne do ṫaḃairt mar aiṫne ann gaċ aon ṗroiḃinnsi do foillsiuġaḋ do nuile ḋuine é, lé a mbéidís réiġ a ccoinne an láe sin.


Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.


Cóip na scríḃne do ṫaḃairt mar aiṫne ann gaċ áon ṗroiḃinnsi dá ḟoillsiuġaḋ do nuile ṗobal, agus go mbéidis na Niúduiġe réiġ a ccoinne an láe sin dá ndioġuilt féin ar a naiṁdiḃ.


¶ Agus do ċuáiḋ Mordecai amaċ as laṫair an ríġ a néadaċ ríoġa do ġorm agus do ḃán, agus maille re morċoróin óir, agus le culaiḋ línéuduiġ ḟinealta agus ṗurpair: agus do ġáirdiġ caṫair Ṡúsan agus do ḃí sí lúaṫġáireaċ.


Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.


Agus do ċonnairc mé a naisling; (agus ṫáinic a ccríċ, a nuáir do ċonnairc mé, go raiḃ mé ann Súsan annsa ṗálás, noċ atá a bproḃinnsi Elam;) agus do ċonnairc mé a naisling, agus do ḃí mé ag aḃuinn Ulai.


¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Aċimeleċ, Agus naċ ḃfuil annso ar do ċumas gaṫ nó cloiḋeaṁ? óir ní ṫug misi mo ċloiḋeaṁ nó marm oile líom, do ċionn nar ḃfuláir deiṫnios do ḋéanaṁ le gnoiḋṫuiġ an ríġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ