1 Ansa ló sin féin ṫug an ríġ Ahasuerus tiġ Háman, náṁuid na Niúduiġeaḋ, do Ester an ḃainríoġan. Agus ṫáinic Mordecai a laṫair an ríġ; óir dinnis Ester mar do ḃí sé ḋi.
Agus isé buḋ foicsi ḋó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seaċt bprionnsuiġ na Persia agus na Média, noċ do ċonnairc aġuiḋ an ríġ, agus do ṡuiġ ar ttús annsa rioġaċt;
¶ Anois a nuáir do ṫainig seal Ester, inġean Abihail dearḃraṫair aṫar Ṁordecai, (noċ do ġaḃ lé mar inġin,) do ḋul a steaċ ċum an ríġ, ni íarraḋ sí éinni aċt an ní do órduiġeaḋ, Hegai séomradóir an ríġ, coiṁeaduiġ na mban. Agus fuáir Ester gean a raḋare gaċ uile ḋuine dá ḃféuċaḋ uirre.
Agus ṫug leis súas Hadassah, (noċ dar ḃainm, Ester,) inġean dearḃraṫar aṫar ḋó: óir ní raiḃ aṫair nó maṫair aice, agus do ḃí an ṁaiġdion breaġḋa sgíaṁaċ; noċ do ġaḃ Mordecai, (a nuáir déug a haṫair agus a maṫair), ċuige mar inġin dó féin.
¶ Annsin a duḃairt an ríġ Ahasuerus re Hester an ḃainríoġan agus re Mordecai an Iúduiġ, Féuċ, ṫug mé do Ester tiġ Háman, agus do ċroċadar é féin san ccroiċ, do ḃríġ gur leag sé a láṁ air na Iúduiġiḃ.