Ester 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)3 Ann sin do ḟreagair Ester an ḃainríoġan, agus a duḃairt, Má fuáir mé cinnealtas dot laṫair, O a ríġ, agus más toil ris an ríġ, tugṫar manam ḋaṁ ar míarratas, agus mo ḋaóine ar maṫċuinge: အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Agus do ċuir a rís caiptín an treas cáoguid gun a ċáogad. Agus do ċúaiḋ an treas caiptín cáoguid súas, agus ṫáinic sé agus do léig é féin ar a ġlúiniḃ a ḃfíaġnuise Elias, agus do ġuiḋ é, agus a duḃairt ris, Oh a óglaiċ Dé, guiḋim ṫú, bíoḋ manumsa, agus anum an ċáogaidsi do ṡeirḃisiġ, mórlúaiċ ann do raḋarc.
Agus a duḃairt sí, Más toil leis an ríġ, agus má fuáir misi caraidraḋ iona raḋarc, agus go ḃfaicṫear an ní ceart a ḃfiaġnuisi an ríġ, agus má tá mé taitneaṁaċ iona raḋarc, scrioḃṫar litreaċa Háman ṁic Hammedaṫa an Tagagiteaċ do ġairm air a nais, noċ do scríoḃ sé do scrios na Niúduiġeaḋ noċ atá a nuile ṗroiḃinnsiḃ an ríġ: