Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.
Má fuáir mé grás a raḋarc an ríġ, agus mas toil leis an ríġ míarratus do ḋeónuiġaḋ, agus maṫċuinge do ċoiṁlíonaḋ, tigeaḋ an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe ġleusfus mé ḋóiḃ, agus do ḋéana mé a máraċ mar a duḃairt an ríġ.
Agus a duḃairt an ríġ a rís re Hester air an dara lá ag fleíḋ a nfíona, Cred é híarratus, a ḃainríoġan Ester? agus do ḃéarṫar duit é: agus cred é haṫċuinġe? agus coiṁlíonfuiġeor í, da maḋ go leaṫ na ríoġaċta.