¶ Agus a duḃairt an ríġ, Cía atá annsa ċúirt? (A nois ṫáinic Háman annsa ċúirt amuiġ do ṫiġ an ríġ, do laḃairt ris an ríġ do ċroċaḋ Ṁordecai air an ccroiċ do ġléus sé na ċoinne.)
Annsin ṫáinic Háman a steaċ, agus a duḃairt an ríġ ris, Cred do ḋéantar don duine a mbia dúil ag an ríġ onóir do ṫaḃairt dó? (Anois do smuáin Háman iona ċroiḋe, Cía agá mbíaṫ dúil ag an ríġ a onoruġaḋ ní sa ṁó ná misi?)