¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ.
¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.
Agus ṫáinic Ahab ḋá ṫiġ go duḃaċ feargaċ do ḃríġ an ḟocail do laḃair Nábot an Tiesreelíteaċ ris: óir a duḃairt sé, Ní ṫiuḃra mé oiġreaċd maiṫreaḋ ḋuit. Agus do luiġ sé síos air a leabuiḋ, agus diompóiġ a aġaiḋ ó ċáċ, agus níor ḃáill leis arán diṫe.
Agus a duḃairt seision ría, Do ċionn gur laḃair mé ré Nábot an Tiesreelíteaċ, agus go nduḃairt mé ris, Taḃair ṫfíneaṁuin daṁ ar airgiod; nó má sí do ṫoil, do ḃéara mé fíneaṁuin oile ḋuit uirre: agus do ḟreagair seision, Ní ṫiuḃra misi mfíneaṁuin duit.
Agus dféuċ Asariah an tárdṡagart, agus na sagairt uile air, agus, féuċ, do ḃí sé luḃraċ iona éadan, agus do ṫiománadar amaċ as sin é; do ḋeifriġ sé féin fós amaċ, do ḃríġ gur ḃúail an TIĠEARNA é.
Ann sin do ġlac Háman an téadaċ agus an teaċ, agus déaduiġ sé Mordecai, agus ṫug leis ar marcuiġeaċt ṫríd sráid na caiṫreaċ é, agus dfúagair roiṁe, Is mar so do ḋéantar ris an nduine is mían leis an ríġ donóruġaḋ.
Annsin dfill an ríġ as gáirdín an ṗáláis go hionad fleiḋe a nfíona; agus do ṫúit Háman ar an leabuiḋ air a raiḃ Ester. Annsin a duḃairt an ríġ, A néigneoċuiḋ sé an ḃainríoġan mar an ccéadna as mo ċoinne annsa tiġ? Ar ndul a nfocail as béul an ríġ, dfolċadar aġuiḋ Háman.