Agus a duḃairt sé, Taḃair láiṁ rium é, agus iosuiḋ mé dfíaḋaċ mo ṁic, go mbeannuiġe manam ṫú. Agus tug na ċoṁġar é, agus a dúaiġ: agus tug fíon ċuige agus do iḃ sé.
Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.
Do ċúadar na postaḋa amaċ, ar na mbrostuġaḋ le haiṫne an ríġ, agus tugaḋ a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do ṡúiġ an ríġ agus Háman síos ċum óil; aċt do ḃí an ċaṫair Súsan buáiḋearṫa.
Ann sin a duḃairt an ríġ, Taḃruiḋ air Háman deiṫnios do ḋéanaṁ, go ndéarna sé mar a deir Ester. Marsin ṫáinic an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe do ġléas Ester.
Má fuáir mé grás a raḋarc an ríġ, agus mas toil leis an ríġ míarratus do ḋeónuiġaḋ, agus maṫċuinge do ċoiṁlíonaḋ, tigeaḋ an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe ġleusfus mé ḋóiḃ, agus do ḋéana mé a máraċ mar a duḃairt an ríġ.