Ann sin a duḃairt sí, Ataím ag iárruiḋ éan aṫċuinge bige aṁaín ort; guiḋim ṫú, ná diúlt mé. Agus a duḃairt an ríġ ría, Iarr roṁad, a ṁaṫair: óir ní ḋiúltfa mé ṫú.
¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester ag fleiḋ an nfíona, Cred í haṫċuinge? agus do ġeaḃa tú í: agus cred é híarratus? eaḋon go nuige leaṫ na rioġaċta coiṁlíonfuiġṫear é.
Agus a duḃairt an ríġ a rís re Hester air an dara lá ag fleíḋ a nfíona, Cred é híarratus, a ḃainríoġan Ester? agus do ḃéarṫar duit é: agus cred é haṫċuinġe? agus coiṁlíonfuiġeor í, da maḋ go leaṫ na ríoġaċta.
¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester an ḃainríoġan, Do ṁarḃ agus do scrios na Iúduiġe cúig ċéud fear ann Súsan an pálás, agus deiṫneaṁar mac Háman; cred do rinneadar annsa ċuid oile do proiḃinnsiḃ an ríġ? anois cred í haṫċuinge? agus do ḃéarṫar ḋuit í: nó cred é híarratus ní is mó? agus do ḋéantar é.