Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 5:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċonnairc an ríġ Ester an ḃainríoġan na seasaṁ annsa ċúirt, go ḃfuair sí faḃar iona raḋarc, agus gur ṡín an ríġ ċum Ester an ríoġṡalt órḋa do ḃí iona láiṁ. Mar sin ṫáinic Ester a ngar ḋó, agus do ḃean sí re bárr na sláite.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 5:2
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.


O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ.


Agus do ṫaitin an cailín ris, agus fuáir sí cinéul úaḋ; agus ṫug sé ḋi go lúaṫ na neiṫe dfóir ċum a hainiċṫe, maille ris gaċ ní dár ḃéan ría, agus móirṡeisior cailiniġ, dob iomċuḃuiḋ ḋi dfaġáil, as tiġ an ríġ: agus do ċuir sé í féin agus a cailíniġ annsa náit do bfeárr do ṫiġ na mban.


Ata a ḟios ag serḃíseaċuiḃ an ríġ uile, agus ag daóiniḃ ṗroiḃinnseaḋ an ríġ, giḋ bé ar biṫ dfior nó ṁnaói ṫiocfas gus an ríġ don ċúirt is faide a steaċ, ar naċ goirṫear, go ḃfuil aoindliġeaḋ aṁáin aige, an té sin do ċur ċum báis, aċt aṁáin an té ḋá sinfiġ an ríġ amaċ an tslat ríoġa órḋo, iondus go mairfe sé: aċd níor goireaḋ ormsa do ṫeaċt a steaċ gus an ríġ ris an tríoċad lá so.


Annsin do ċonnuiṁ an ríġ amaċ an ríoġṡlat órḋa a ccoínne Ester. Agus do ṡeas sí a ḃfiaġnuisi an ríġ.


Is ionṁuin liom an TIĠEARNA, do ḃríġ go ccluin sé mo ġuṫ ann maṫċuinġiḃ.


A ta croiḋe an ríġ an láiṁ an TIĠEARNA, már na sroṫa uisge: iompoiġiḋ sé é giḋ bé áit a ttogrann féin.


Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.


Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ