12 A duḃairt Háman fós, Níor léig Ester an ḃainríoġan éanduine a steaċ leis an ríġ ċum na fleiḋe dullṁuiġ sí aċt mé féin; agus atá cuireaḋ agam a máraċ uáiṫe mar an ccéadna leis an ríġ.
Má fuáir mé grás a raḋarc an ríġ, agus mas toil leis an ríġ míarratus do ḋeónuiġaḋ, agus maṫċuinge do ċoiṁlíonaḋ, tigeaḋ an ríġ agus Háman ċum na fleiḋe ġleusfus mé ḋóiḃ, agus do ḋéana mé a máraċ mar a duḃairt an ríġ.
Oír an tan déuruid síad, Síoṫċáin agus neambáoġal; tiucfuiḋ sgrios obann orrṫa an tan sin, mar ṫig ioḋana go mnaói ṫorruiḋ; agus ní ḃéuruid íad féin as.