11 Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.
Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.
¶ Agus do ċuáiḋ Mordecai amaċ as laṫair an ríġ a néadaċ ríoġa do ġorm agus do ḃán, agus maille re morċoróin óir, agus le culaiḋ línéuduiġ ḟinealta agus ṗurpair: agus do ġáirdiġ caṫair Ṡúsan agus do ḃí sí lúaṫġáireaċ.
Agus do ḃí úaṫḃás ar a ḋeisciobluiḃ tré na ḃríaṫruiḃ. Agus ar ḃfreagra Díosa a rís, a duḃairt sé riú, A ċlann, créd é ḋocraċd don ṁuinntir ċuireas a ndóiġ a saiḋḃreas, dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé!
Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;