Ester 5:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Anois tárla ar an treas lá, gur ċuir Ester a culaiḋ ḃainríoġna uirre, agus do ṡeas annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ a ttiġ an ríġ, ṫall as coinne ṫiġe an ríġ: agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir ríoġa annsa tiġ ríoġaṁuil, ṫall as coinne ġeata an tiġe. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Ata a ḟios ag serḃíseaċuiḃ an ríġ uile, agus ag daóiniḃ ṗroiḃinnseaḋ an ríġ, giḋ bé ar biṫ dfior nó ṁnaói ṫiocfas gus an ríġ don ċúirt is faide a steaċ, ar naċ goirṫear, go ḃfuil aoindliġeaḋ aṁáin aige, an té sin do ċur ċum báis, aċt aṁáin an té ḋá sinfiġ an ríġ amaċ an tslat ríoġa órḋo, iondus go mairfe sé: aċd níor goireaḋ ormsa do ṫeaċt a steaċ gus an ríġ ris an tríoċad lá so.
Imṫiġ, cruinniġ a ḃfoċair a ċéile a ḃfuil do Iuduiġiḃ a laṫair a Súsan, agus troisciḋ ar mo ṡonsa, agus ná hiṫiġ agus ná hiḃiḋ a ttrí lá, doiḋċe ná ló: troisgfe misi agus mo ṁaiġdiona mar an gcéadna; agus marsin raċuiḋ mé a steaċ ċum an ríġ, bíoḋ naċ do reír an dliġe: agus má ḃásuiġṫear me, básuiġṫear me.