Agus ann gaċ uile ṗroiḃinnsi, a ttáinic aíṫne an ríġ, agus a orduġaḋ, do ḃí caóineaḋ mór a measc na Niúduiġeaḋ, agus troscaḋ, agus gul, agus éolċuire; agus mórán na luiḋe a saicéadaċ agus a luáiṫ.
Ann sin do ġoir Ester ar Hataċ, áon do ṡeamradóiriġiḃ an ríġ, noċ dórduiġ sé dfeiṫioṁ uirre, agus ṫug sí aiṫne ḋó go Mordecai, dfaġáil feasa cred í an ċúis, agus cred an táḋḃar fa raiḃ sin.
Agus a duḃairt an ríġ a rís re Hester air an dara lá ag fleíḋ a nfíona, Cred é híarratus, a ḃainríoġan Ester? agus do ḃéarṫar duit é: agus cred é haṫċuinġe? agus coiṁlíonfuiġeor í, da maḋ go leaṫ na ríoġaċta.
¶ Agus a duḃairt an ríġ re Hester an ḃainríoġan, Do ṁarḃ agus do scrios na Iúduiġe cúig ċéud fear ann Súsan an pálás, agus deiṫneaṁar mac Háman; cred do rinneadar annsa ċuid oile do proiḃinnsiḃ an ríġ? anois cred í haṫċuinge? agus do ḃéarṫar ḋuit í: nó cred é híarratus ní is mó? agus do ḋéantar é.