Agus do ċlaóindís, agus duṁluiġedís serḃísiġ an ríġ uile, do ḃí san ġeata, do Háman: óir daiṫin an ríġ mairsin dá ṫáoḃ. Aċt ní ċromaḋ Mordecai, agus ní ḋéanaḋ sé uṁla ḋó.
Anois tárla, a nuáir do laḃrádar go láeṫeaṁuil ris, agus naċ ttug sé toraḋ orra, gur innisiodar sin do Háman, dféuċuin an seasfaidis bríaṫra Ṁordecai: óir dinnis sé ḋóiḃ gur Iúduiġ é.
¶ Ann sin do ċuáiḋ Háman amaċ an lásin gáirdeaċ agus maille re croiḋe sólásaċ: aċt a núair do ċonnairc Háman Mordecai a ngeata an ríġ, naċ ar ṡeas sé súas, agus nár ċorruiġ sé ar a ṡonsan, do ḃí sé lán dfeirg a naġaiḋ Ṁordecai.
¶ Annsin do ḃí Nebuċadnessar lán do ċúṫaċ, agus daṫruiġ dealḃ a aiġṫe a naġuiḋ Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego: uimesin do laḃair sé, agus do aiṫin sé a nfuirnis do ṫéaġaḋ seaċdnuáire ní is mó ná mar cleaċdaoi a téaġaḋ.