Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 3:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċlaóindís, agus duṁluiġedís serḃísiġ an ríġ uile, do ḃí san ġeata, do Háman: óir daiṫin an ríġ mairsin dá ṫáoḃ. Aċt ní ċromaḋ Mordecai, agus ní ḋéanaḋ sé uṁla ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 3:2
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug air dul air marcuiġeaċd san dara carbad do ḃí áige: agus do ḟúagradar roiṁe, filliḋ ḃar nglún: agus do rinne sé úaċdarán ḋe ós cionn criċe na Hégipte uile.


Agus a nuáir do ċruinniġeadar na maiġdiona a ḃfoċair a ċéile an dara huáir, do ḃí Mordecai na ṡuiḋe a ngeata an ríġ.


¶ Annsna láeṫiḃsin, (an feaḋ do ḃí Mordecai na ṡuiḋe a ngeata an ríġ), do ḃí fearg ar ḋís do ṡeomradóiriġiḃ an ríġ, Bigtan agus Teres, do luċd coiṁéad an doruis, agus do ṫríalladar láṁ do leagaḋ air an ríġ Ahasuerus.


¶ Anois do ḃí annsa ṗálás Súsan Iúduiġ áiriġ, dar ḃainm Mordecai, ṁac Iair, ṁic Simei, ṁic Cis, Beniamíteaċ;


Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.


Annsin a duḃradar serḃísiġ an ríġ, do ḃí a ngeata an ríġ, re Mordecai, Cred fá sáruiġionn tú aiṫne an ríġ?


Agus an tan do ċonnairc Haman naċ uṁluiġeaḋ Mordecai, agus naċ déanaḋ sé onóir ḋó, annsin dó ḃí Háman lán dfeirg.


¶ Ann sin do ċuáiḋ Háman amaċ an lásin gáirdeaċ agus maille re croiḋe sólásaċ: aċt a núair do ċonnairc Háman Mordecai a ngeata an ríġ, naċ ar ṡeas sé súas, agus nár ċorruiġ sé ar a ṡonsan, do ḃí sé lán dfeirg a naġaiḋ Ṁordecai.


An té a ttarcuisniġṫear an droċḋuine iona ṡúiliḃ; aċd onóruiġios an dream air a mbí eagla an TIĠEARNA. An té noċ ṁionnuiġios ċum a ḋioġḃála féin, agus naċ malartuiġionn.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Sgríoḃ so mar ċuiṁne a leaḃar, agus aiṫris é a gcluasuiḃ Iosua: óir cuirfe mé as go hiomlán cuiṁne Amalec ó fáoi neaṁ.


Oir a duḃairt se, Do ċionn gurṁionnuiġ an TIĠEARNA go mbíaḋ cogaḋ aige ré Amalec ó ġeinealaċ go geinealaċ.


Annsin díarr Dániel air an ríġ, agus do ċuir sé Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, ós cionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroiḃinnse na Bábilóine: aċt do ṡuiġ Dániel a ngeata an ríġ.


Uimesin is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ḃearus do ṪIĠEARNA Día suáiṁnios duit ód naiṁdiḃ uile fa gcuáirt ad ṫimċioll, ansa dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd da sealḃúġaḋ, go ccuirfe tú amaċ cuiṁne Amalec ó ḃeiṫ faói neaṁ; agus ní ḋearmoda tú é.


Ionnus go ccromṫaḋ gaċ uile ġlún dainm Iósa, eaḋon glúine na neiṫeann atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus fáoi an dtalaṁ;


Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ