Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 3:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Annsin do goireaḋ ar scriḃneóiriḃ an ríġ an treas lá déag don ċéidṁí, agus do scríoḃaḋ annsin do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Háman dfearuiḃ ionuid an ríġ, agus do na húaċtaránuiḃ do ḃí os cionn gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus do riaġlóiriḃ a nuile ṗobuil gaċ áon ṗroiḃinnsi, do réir a scríḃinn sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa; a nainm an ríġ Ahasuerus do scríoḃaḋ é, agus do séuluiġeaḋ é le fáinne an ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 3:12
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do scríoḃ sí litreaċa a nainm Ahab, agus do ċuir séula orra le na ṡéula, agus do ċuir sí na litreaċa ċum na sinnsior agus ċum na núasal do ḃí iona ċaṫruiġ, na ccoṁnuiḋe a ḃfoċair Nábot.


¶ Agus ṫugadar cuṁaċda an ríġ do dfir ait an ríġ, agus dúaċdaránuiḃ don taoiḃse don tsruṫ: agus do ċuidiġeadar leis an bpobal, agus lé tiġ Dé.


Oir do ċuir sé litreaċa ar feaḋ proiḃinnseaḋ an ríġ, ċum gaċ aon ṗroiḃinnsi do reir na scríḃinne sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa, gaċ fear do ríaġlaḋ iona ṫiġ féin, agus sin dfoillsiuġaḋ do réir ṫeangṫa gaċ ṗobail.


Agus a duḃairt an ríġ ré Háman, Tugaḋ an tairgiod, agus fós na daoine ḋuitsi, do ḋéanaṁ ríu mar is áil leaċd féin.


Agus do ḃain an ríġ a ḟainne ḋe, noċ do ḃain sé do Háman, agus ṫug sé do Ṁordecai é. Agus do ċuir Ester Mordecai ós cionn tiġe Háman.


Dórduiġeadar na Iúduiġe, agus do ġaḃadar orra féin, agus air a slioċt, agus ar gaċ uile ḋuine dá cceingeolaḋ ríu, iondus naċ ḃfailleoċṫai é, go ccoiṁéadfaidís an dá lá so do réir a scríḃinne, agus do réir a nuáire cinnte gaċa blíaḋna;


Ṫug tusa, a ríġ, fúagra, gaċ uile ḋuine dá ccluinfeaḋ fuáim na haḋairc, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċa, dulcimer, agus a nuile ṡórt ceóil, go léigfidís síos íad agus go naiḋeoraidís a níoṁaiġ órḋa.


Annsin ṫangadar a ḃfogus, agus do laḃradar a ḃfíaġnuisi an ríġ, attáoḃ ḟúagarṫa an ríġ; Naċ ar ṡéalluiḋ tusa dliġeaḋ, gaċ uile ḋuine dá níarraḋ aṫċuinge ar Ḋía ar biṫ nó air ḋuine táoḃ a stiġ do ṫríoċad lá, aċt ortsa, a ríġ, go tteilgfiḋe a nuáiṁ na leoṁan é? Do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt se, Is fíor an ní do réir ḋliġe na Médianaċ, agus na Bpersianaċ, naċ áṫruiġionn.


Ansin do ċruinniġeadar an ṁuinntirse ċum an ríġ, agus a duḃradar ris an ríġ, Bíoḋ a ḟios agad, a ríġ, gur bé dliġeaḋ na Médianaċ agus na Bpersianaċ, Gan dliġeaḋ ar bioṫ nó reaċd dá ndaingneoċa an ríġ dáṫruġaḋ.


¶ Annsin do scríoḃ an ríġ Dárius ċum a nuile ṗobal, ċineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus annsa talaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin diḃ.


Anois, a ríġ, daingniḋ an tórduġaḋ, agus séuluiḋ an scríḃinn, iondus naċ áṫruiġṫior é, do réir ḋliġe na Médianaċ agus na Bpersianaċ, naċ áṫruiġionn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ