Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.
Mas toil leis an ríġ, scríoḃṫar a ccur ċum báis: agus díolfuiḋ misi deiċ míle tallann airgid a láṁuiḃ na druinge air a ḃfuil cúram na cúise, re na ṫaḃairt a ttiġṫiḃ ionnṁuis an ríġ.
Scríoḃuiḋsi mar an ccéadna ar son na Níúduiġeaḋ, mar is mían liḃ féin, a nainm an ríġ, agus séuluiġiḋ é le fáinne an ríġ: óir an scríḃinn scríoḃṫaranainm an ríġ, agus ṡéuluiġṫear lé fáinne an ríġ, ní ḟéadann éanduine a ḟilleaḋ air ais.