Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 3:1
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Biáiḋ tú ós cionn mo ṫiġe, agus is réir do ḃréiṫre ḃías riaġlúġaḋ mo ḋáoine uile: ann mo ċaṫáoir ríoġa aṁáin ḃías mé ní is mó ná ṫú.


Agus a nuáir do ḃí gorta a gcríċ na Hégipte, do éiġṁeadar na dáoine ar Ṗárao díarruiġ aráin air: agus a duḃairt Ṗárao ris na Hégiptiḃ uile ímṫiġiḋ dionnsuiġe Ióseṗ; déanuiḋ an ní a déara sé riḃ.


An ṁéid gur cuireaḋ ón ríġ ṫú, agus ó na ṡeaċt ccoṁairleaċaiḃ, do ċeastnuġaḋ a ttáoḃ Iúdah agus Ierusalem, do réir ḋliġe do Ḋé noċ atá ad láiṁsi;


Agus isé buḋ foicsi ḋó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seaċt bprionnsuiġ na Persia agus na Média, noċ do ċonnairc aġuiḋ an ríġ, agus do ṡuiġ ar ttús annsa rioġaċt;


Agus do ḃean an ríġ a ḟáinne ḋá láiṁ, agus ṫug sé é do Háman ṁac Ammedata an Tagagiteaċ, naṁuid na Niúduiġeaḋ.


Agus dinnis Háman dóiḃ glóir a ṡaiḋḃriosa, agus iomad a ċloinne, agus na huile neiṫe lér ċuir an ríġ súas é, agus mar dárduiġ sé é ós cionn ṗrionnsaḋ agus ṡerḃíseaċ an ríġ.


Agus a duḃairt Ester, Isé a neascara agus an náṁuid an droċḋuinesi Háman. Annsin do ġaḃ eagla Háman a ḃfíaḋnuisi an ríġ, agus na bainríoġna.


¶ Agus do laḃair Ester fós a rís á laṫair an ríġ, agus do ṡléaċt fá na ċosuiḃ, agus do ġuiḋ sí é maille ré déuruiḃ urċóid Háman an Hagagiteaċ, agus an ċealg do ṫríall sé a naġaiḋ na Níuduiġeaḋ, do ċur ar ccúl.


Siuḃluiġid na ciontaiġ air gaċ áontaóiḃ, a nuáir árduiġṫear na daóine is míṁeasta.


Gáirdiġ an pobal, a nuáir ḃíd na fíréin a ccuṁaċt: aċt a nuáir ḃíos úaċtaránaċt ag an droċḋuine, osnaiġe an poball.


Cuirṫear an leiṁe a nárraċtas ṁór, agus suiġid na saiḋḃre a náit ísil.


Agus ós a ccionn so trí húaċdaráin; (ar ḃé Dániel an ċéaidḟear ḋíoḃ:) lé ttiuḃraidís na prionnsaḋa a ccuntas dóiḃ, agus naċ bíaḋ damaiste air an ríġ.


Dóirtfiḋ sé an tuisge amaċ as a ḃuicéaduiḃ, agus biáiḋ a ṡíol a mórán uisceaḋ, agus buḋ háirde a ríġ ná Agag, agus áirdeoċṫar a rioġaċd.


Agus a duḃaírt Samuel, Mar do rinne do cloiḋeaṁsa mná gan ċloinn, mar sin ḃías do ṁaṫairsi gan ċloinn a measc na mban. Agus do ġeárr Samuel Agag na ċotċannuiḃ a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal.


Agus do ġaḃ sé Agag riġ na Namalecíteaċ beó, agus do léirscrios na daoine uile lé fáoḃar an ċloiḋíṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ