¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.
Agus do ċuáiḋ Iehoiaċin ríġ Iúdah amaċ ċum ríġ na Babilóine, é féin, agus a ṁaṫair, agus a ṡearḃḟoġantuiġe, agus a ṗrionnsaḋa, agus a oifigiḋ: agus do ġaḃ ríġ na Babilóine é annsa noċdṁaḋ bliaḋuin dá riġe.
Agus rug sé Iehoiaċin leis don Ḃabilóin, agus maṫair an ríġ, agus mná an ríġ, agus oifigiḋ, agus cuṁaċduiġ na tire, rug sé íad sin leis a mbraiġdionus ó Ierusalem don Ḃabilóin.
Oír do bé Mordecai an Iúduiġ dob ḟoicse don ríġ Ahasuerus, agus buḋ mór é a measc na Niúdúiġeaḋ, agus geanaṁuil ag iomadaṁlaċd a ḋearḃráiṫeaċ, ag íarruiḋ maiṫeasa dá ḋaóiniḃ, agus ag laḃairt síoṫċána dá ṡlioċd féin uile.
Agus órduiġeaḋ an ríġ oifigiḋ a bproiḃinnsiḃ a rioġaċt uile, ċor go ccruinniġedís a ccionn a ċéile na huile ṁaiġdeana scíaṁaċa óga go Súsan an pálás, go tiġ na mban, fá ċuṁdaċ Hege seomradóir an ríġ, coiṁéuduiġ na mban; agus tugṫar fá deara neiṫe ċum a nglanta do ṫaḃairt dóiḃ:
Anois tárla ar an treas lá, gur ċuir Ester a culaiḋ ḃainríoġna uirre, agus do ṡeas annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ a ttiġ an ríġ, ṫall as coinne ṫiġe an ríġ: agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir ríoġa annsa tiġ ríoġaṁuil, ṫall as coinne ġeata an tiġe.