Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 2:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus a nuáir do leanaḋ an ċúis, do fríṫ a ḋeiṁin; uimesin do croċaḋ íadsan araon ar crann: agus do scríoḃaḋ sin a leaḃar croiniceaḋ a laṫair an ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 2:23
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ fáoi ċionn ṫrí lá fós toigeóḃuidn Ṗárao do ċeann uáitsi, agus croċfuiḋ sé ar crann ṫú, agus iósuid na héunlaiṫ ṫfeóil díot.


Aċ do ċroċ sé an tárdḃáicéir: mar do innis Ióseṗ ḋóiḃ.


Ionnus go ndéantaoi cúartuġaḋ a leaḃar cuiṁniġṫeaċ haiṫreaḋ: marsin do ġeaḃa tú a leaḃar na cuiṁne, agus aiṫeonus tú gur caṫair ceannairceaċ an ċaṫairsi, agus dioġḃalaċ do ríġṫiḃ agus do ṫíorṫuiḃ, agus gur ṫógḃadar ceannairc a stiġ innte san tseanaimsir: arson na cúise sin do scriosaḋ an ċaṫairsi.


Agus gníoṁa a neirt uile, agus a ċuṁaċta, agus foillsiuġaḋ ṁéud Ṁordecai, iona ndéarna an ríġ mór é, naċ ḃfuilid síad scrioḃṫa a leaḃar croiníce ríoġ na Média agus na Persia?


¶ Annsin a duḃairt Seres a ḃean agus a ċáirde uile ris, déantar croċ ċáogad cuḃad ar áirde, agus laḃairsi ris an ríġ a maraċ go ccroċfuiḋe Mordecai uirre: an sin éiriġ a steaċ go súgaċ ris an ríġ ċum na fleiḋe. Agus do ṫaitin an ní le Háman; agus ṫug sé fa deara croċ do ḋéanaṁ.


Anoiḋċesin níor ḟéud an ríġ coḋlaḋ, agus daiṫin sé leaḃar cuiṁne na ccroiniceaḋ do ṫaḃairt ċuige; agus do léuġeaḋ íad a laṫair an ríġ.


Marsin do ċroċadar Háman ar an ccroiċ do rinne sé do Ṁordecai. Annsin do sguir fearg an ríġ.


¶ Annsin do laḃair an drong do imeagluiḋ an TIĠEARNA gaċ áon dioḃ ré ċéile go minic: agus déisd an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ, agus do ḃí leaḃar cuiṁne scríoḃṫa iona ḟíaġnuise don ṁuinntir do imeagluiġ an TIĠEARNA, agus do smúain air a ainm.


Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ