Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ṡearḃḟoġantuiġiḋ ris, Iarṫar dom ṫiġearna an ríġ maiġdion óg: agus seasaḋ sí as coinne an ríġ, agus déanaḋ sí friṫeolaṁ ḋó, agus luiġeaḋ sí iona ḃrollaċ, ċor go ḃfuiġe mo ṫiġearna an ríġ teas.
¶ Ar an seaċdṁaḋ lá, a nuáir do ḃí croiḋe an ríġ súgaċ ó ḟíon, daiṫin sé do Ṁehuman, do Ḃista, do Harbona, do Ḃigta, do Abagta, do Ṡeṫar, agus do Ċarcas, an móirṡeisior seomradóiriġ dfoġnaḋ a ḃfiaġuúise an ríġ Ahasuerus,
Agus isé buḋ foicsi ḋó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seaċt bprionnsuiġ na Persia agus na Média, noċ do ċonnairc aġuiḋ an ríġ, agus do ṡuiġ ar ttús annsa rioġaċt;
Agus órduiġeaḋ an ríġ oifigiḋ a bproiḃinnsiḃ a rioġaċt uile, ċor go ccruinniġedís a ccionn a ċéile na huile ṁaiġdeana scíaṁaċa óga go Súsan an pálás, go tiġ na mban, fá ċuṁdaċ Hege seomradóir an ríġ, coiṁéuduiġ na mban; agus tugṫar fá deara neiṫe ċum a nglanta do ṫaḃairt dóiḃ: