Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 2:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Annsin do rinne an ríġ féusta mór dá ṗrionnsaḋuiḃ agus dá ṡerḃíseaċaiḃ uile, eaḋon féusta Ester; agus do ṫug sé saóirse do na proiḃinnsiḃ, agus ṫug sé tioḋlaicṫe ḋóiḃ, do réir ċumuis an ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 2:18
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċruinniġ Lában dáoine na háite uile, a ḃfoċair a ċéile, agus do rinne féusda ḋóiḃ.


Marsin do ċoisgeadar na Leḃitiġ an pobal uile, ġa ráḋ, Bíṫí ḃur ttoċd, óir atá an lá naoṁṫa, agus na bíṫí dóbrónaċ.


Agus do ḋáileadar deoċa órra a soiġṫiġiḃ óir, (na soiṫiġe éacsaṁuil tar a ċéile), agus fion ríoġaṁuil go hiomarcaḋ, do réir ċumuis an ríġ.


Mar an láeṫe ar ṡuaiṁniġeadar na Iúduiġe ó na naiṁdiḃ, agus an ṁí do hiompóiġeaḋ ċuca ó ḋólás go sólás, agus ó ḋóbrón go la ṁaiṫ: go ndéindís ḋíoḃ láeṫe feasta agus gáirdeaċuis, agus oirċiseaċd do ċur ċum a ċéile, agus tioḋluicṫe ċum na mboċt.


Eírġiḋe amaċ, a inġeana Sion, agus féuċaiḋ aír an ríġ Solaṁ gona ċoróin ler ċoróiniġ a ṁaṫair é a ló a ḋála, agus a ló ġáirdeaċuis a ċroiḋe.


Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.


Is cosṁuil an flaiṫeas neaṁḋa ré ríġe aíriġṫe, do rinne banais ṗósda dá ṁac féin,


Agus an tan do ḃí lá iomċuḃaiḋ ann, an a ndearna Iorúaiṫ suipér dá úaisliḃ, agus dá ċáiptíniḃ, agus dúaċdaránuiḃ na Galilé, coṁainm a láoi fá rugaḋ é;


An tan do ġéaḃa tú cuireaḋ ó neaċ ar biṫ ċum bainnsi, ná suiḋ ann sa ċéadaít; ar eagla go ḃfúair duine as onó ruiġe ná ṫusa cuireaḋ úaḋ mar an gcéadna;


Agus do ḋéunuid áitreaḃuiḋ na talṁan gáirdeaċas ós a gcionn, agus biáiḋ lúaṫġáir orrṫa, agus cuirfid taḃartuis ċum a ċéile; do ḃríġ gur ṗíanadar an dá ḟáiġse áitreaḃuiġ na talṁan.


A duḃairt sé riom an tan sin, Scríoḃ, Is beannúiġe an dream fuáir cuireaḋ ṡuipéir ḃainnse a Nuáin. Agus a duḃairt riom, A síad so briaṫra fírinneaċ Dé.


Fíafruiġ dot ógánaċuiḃ, agus inneosaid síad duit. Ar a naḋḃar sin faġdaois na hógánuiġ faḃar ad raḋarc: (óir ṫangamar a ló ṁaiṫ:) guiḋim ṫú, taḃair, giḋ bé ní ṫeagṁas ad láiṁ dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ, agus dod ṁac Dáiḃi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ