¶ Agus a núair ṫáinic úair gaċ éanṁaiġdine, do ḋul a ccionn an ríġ Ahasuerus, tar éis í ḃeiṫ blíaḋuin, do réir ġnáṫa na mban, (óir is mar sin do coiṁlíontaoi láeṫe a nainicṫe, mar atá, sé ṁí le hola ṁirra, agus sé ṁí le neiṫiḃ deaġḃoluiġ, agus le neiṫiḃ oile do ġlanaḋ na mban;)
Traṫ nóna, dimṫiġeaḋ sí ann, agus ar na ṁáraċ dfilleaḋ sí go dara tiġ na mban, fa ċuṁdaċ Ṡaasgas, séomradóir an ríġ, noċ do ċoiṁéud na leannáin: ni ṫigeaḋ sí a steaċ ní sa ṁó ċum an ríġ, aċt muna ḃeiṫ dúil ag an ríġ innte, agus go ccuireaḋ fíos uirre as a hainm.