Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.
¶ Agus a núair ṫáinic úair gaċ éanṁaiġdine, do ḋul a ccionn an ríġ Ahasuerus, tar éis í ḃeiṫ blíaḋuin, do réir ġnáṫa na mban, (óir is mar sin do coiṁlíontaoi láeṫe a nainicṫe, mar atá, sé ṁí le hola ṁirra, agus sé ṁí le neiṫiḃ deaġḃoluiġ, agus le neiṫiḃ oile do ġlanaḋ na mban;)
Aċd a ndiáiġ láeṫeaḋ áiriġe a duḃairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuċain ar mbráiṫreaċ atá ann gaċ áon ċaṫruiġ ann a ndearnamar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir, cionnus atáid síad.