Nior ḟoillsiġ Ester fós a cineaḋ nó a daóine; mar do ċuir Mordecai dúalaċ uirre: óir do rinne Ester aiṫne Ṁordecai, aṁuil agus do rinne a nuáir do ḃí dá taḃairt súas aige.
Agus ṫug leis súas Hadassah, (noċ dar ḃainm, Ester,) inġean dearḃraṫar aṫar ḋó: óir ní raiḃ aṫair nó maṫair aice, agus do ḃí an ṁaiġdion breaġḋa sgíaṁaċ; noċ do ġaḃ Mordecai, (a nuáir déug a haṫair agus a maṫair), ċuige mar inġin dó féin.
¶ Agus a duḃairt Háman ris an ríġ Ahasuerus, Atá pobal áiriġ sgaóilte amuiġ agus ar na spréaġaḋ idir na daóiniḃ an anuile ṗroiḃinnsiḃ do rioġaċta; agus atáid a ndliġṫe éacsaṁuil ó nuile ṗobal, agus ní ċoṁéaduid diiġṫe an ríġ: uime sin ní tarḃa don ríġ a ḃfulang.
Oír do reacaḋ sinn, misi agus mo ḋaóine, dar scrios, dar marḃaḋ, agus dar ndíoṫlaiṫriuġaḋ. Aċt dá reacṫaói sinn mar ḋaóirsineaċuiḃ firr agus daoirsineaċiḃ mna, ní laiḃeoruinn, mátá nár ḃféidir leis an náṁuid, dul a muġa án ríġ daisiog.