¶ Agus do ḃádar soiṫiġe óil ṫiġe Ṡoluiṁ uile dór, agus soiṫiġe tiġe ḟoraóise Lebanon do ḃádar uile dór ḟiorġlan; níor ḃairgead éantsoiṫeaċ ḋíoḃ: ní raiḃ meas air a láeṫiḃ Ṡoluíṁ.
¶ Agus do ḃádar soiġṫiġe óil an riġ Solaṁ uile dór, agus uile ṡoiṫiġe óil ṫiġe foraóise Lebanon dór ġlan: níor ḃairgiod aontsoiġṫeaċ ḋíoḃ; ní raiḃ meas ar biṫ air a laéṫiḃ Ṡoluiṁ.
Agus do ḃí an tól do réir an dliġe; níor coiṁéignioġaḋ aonduine: óir is marsin dórduiġ an ríġ doifigiḃ an tiġe, go ndéaindís do réir ṫoile gaċ aonduine féin.
Annsin do rinne an ríġ féusta mór dá ṗrionnsaḋuiḃ agus dá ṡerḃíseaċaiḃ uile, eaḋon féusta Ester; agus do ṫug sé saóirse do na proiḃinnsiḃ, agus ṫug sé tioḋlaicṫe ḋóiḃ, do réir ċumuis an ríġ.
Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.