Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 1:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 A núair do ṫaisbéin sé saiḋḃrios a rioġaċta ġlórṁuire agus onóir a ṁórḋaċda mórán do láeṫiḃ, eaḋon céad agus ceiṫre fiṫċid lá.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 1:4
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṁéuduiġ an TIĠEARNA Solaṁ go hanṁór a raḋairc Israel uíle, agus do ḃronn sé ḋó a leiṫéid sin do ríoġaṁlaċd naċ raiḃ im éain ríġ roiṁe a Nisrael.


Annsa treas blíaḋuin dá ríġe, go ndéarnuiġ sé féasta dá ṗrionnsaḋuiḃ uile agus dá ṡearḃḟoġantuiḃ; air mbeiṫ do ċuṁaċtuiḃ na Persia agus na Media, uáisle agus prionnsaḋa na bproiḃinnseaḋ, ḋá laṫair:


Agus a nuáir do caiṫeaḋ na láeṫesin, do rinne an ríġ féusta do na dáoiniḃ uile do ḃí da laṫair ann Súsan an pálás, aráon don ṁór agus don ḃeag, seaċd lá, a ccúirt ġáirdín ṗáláis an ríġ;


Cóiriġ ṫú féin anois lé mórḋaċd agus lé hoirḋearcus; agus éuduiġ ṫú féin lé glóir agus lé scéiṁ.


Laiḃeora misi air ḋaṫaṁlaċt glóire do ṁórḋaċta, agus air do ġníoṁuiḃ iongantaċa.


Is mór a ġlóirsion ann do ṡlánuġaḋ: mórḋaċt agus onóir do ċuir tú air.


Deasuiġ do ċloiḋeaṁ ar do ṡlíasuid, ó a ċuṁaċduiġ, red ġlóir agus red ḋaiṫeaṁlaċd.


A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt, atá sé ar na éuduġaḋ ré mórḋaċd; atá an TIĠEARNA ar na éuduġaḋ ré neart, do ċreasruiġ sé é fein: atá an sáoġal fós ar na ḋaingniuġaḋ, go naċ féidir a ċorruġaḋ.


Agus do ḃí Heseciah lúaṫġáireaċ rompa, agus do ṫaisbéin sé ḋóiḃ tiġ a ṡéud mórluáiġ, an tairgiod, agus an tór, agus na spíosra, agus a nola ṁórluáiġ, agus tiġ a arm uile, agus a nuile ní dá raiḃ iona ionnṁusaiḃ: ní raiḃ aoinní ann a ṫiġ, nó ann a ṫiġearnus uile, naċ ar ṫaisbéin Heseciah ḋóiḃ.


Led eagna ṁóir agus led ċeannuiġeaċt do ṁéaduiġ tú do ṡaiḋḃrios, agus atá do ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas do ḃríġ do ṡaiḋḃriosa:


Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt sé, Naċ í so an Ḃabilóin ṁór dfoirgniḋ misi mar ṫiġ na rioġaċda re neart mo ċuṁaċt, agus donóir dom ṁórḋaċd féin?


Annsa namsin féin dfill mo ċíall ċugam; agus air son ġlóire mo rioġaċda, dfill monóir agus mo ḋéalraḋ ċugam; agus díarradar mo ċoṁairliġ agus mo ṫiġearnaḋa mé; agus do ḋaingniġeaḋ ann mo rioġaċd mé, agus tugaḋ tuilleaṁ mórḋaċd oirḋearca ḋaṁ.


Ṫusa a ríġ, ṫug an Día is ro áirde dot aṫair Nebuċadnessar rioġaċd, agus morḋaċd, agus glóir, agus onóir:


Rug an diaḃal a rís é do ċum sléiḃe ro áird, agus do ṫaisbeín sé ḋó rioġaċda an doṁain uile, agus a nglóir;


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Agus do ċum ḃfoillseóċaḋ sé saiḋḃreas a ġlóire féin do ṡoiṫiġiḃ na trócaire, do ullṁuiġ sé ó ṫús ċum glóire,


Ag soillsiuġaḋ súl ḃur ccroiḋe; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ créud í muiniġin a ġlóire a óiġreaċda sna náoṁuiḃ,


Dar ṫogair Día a ḟoillsiuġaḋ créd é siaḋḃread ġlóire an ruindíaṁairse a measg na Gcineaḋaċ; agar ab é Críosd é ḃur measgsa, muiniġin na glóire:


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ