Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ester 1:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Aċt do ḋíuilt an ḃainríoġan Ḃasti teaċt lé haiṫne an ríġ dá ṡeomradóiriġiḃ: uimesin do ḃí an ríġ roḟeargaċ, agus do las a ḟearg ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ester 1:12
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt sé ris an mnáoi, Méideóċa mé go mór do ḋoilġios agus do ṫoirrċiuġaḋ; a ndoilġeas ḃeuras tú clann: agus dot ḟior ḃias ṫfonn, agus do ḋéuna sé uaċtarántaċd ort.


An ḃainríoġan Ḃasti do ṫaḃairt a laṫair an ríġ gun a coróin ríoġa, do ṫaisbéanaḋ a sgéiṁe don ṗobal agus do na prionnsaḋuiċ: óir bá breáḋġa í ré féuċuin uirre.


¶ Annsin a duḃairt an ríġ ris ná daóiniḃ críonna, dar ḃaiṫne na haimseara, (óir do bé sin gnáṫ an ríġ a ttáoḃ a nuile ḋuine agá raiḃ fios dlíġe agus breiṫeaṁnuis):


¶ Agus ar néirġe don ríġ ó ḟleiḋ a nfíona iona ḟeirg do ċuáiḋ sé go gáirdín an ṗáláis: agus do ṡeas Háman súas do ġuiḋe na bainríoġna Ester fá na anam; óir do ċonnairc sé go raiḃ olc dá ṫríall na aġaiḋ ón ríġ.


Cred fár ṫeilgis uáit go bráṫ sinn, a Ḋé? a ndéana ṫfearg deataċ a naġaiḋ ċáoraċ hinnḃir féin?


Cá fad, a ṪIĠEARNA? ḃías tú feargaċ go bráṫ? an lasfuiḋ héad mar ṫéine?


Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láiṁ ris an gcampa, go ḃfacaiḋ se an láoġ, agus an daṁsa: agus do ġríosuiġ fearg Ṁaóisi, agus do ṫeilg sé na cláir as a láṁuiḃ, agus do ḃris fáoi ḃun an tsleiḃe íad.


Agus a duḃairt Aáron, Ná haḋnaḋ fearg mo ṫiġearna; atá fios na ndáoine agadsa, go ḃfuilid síad ullaṁ ċum urċóide.


Bí fearg an ríġ aṁuil búirfeaḋaċ leoṁuin; aċt bí a ḟaḃar aṁuil drúċt air an ḃféur.


Bí eagla an ríġ aṁuil búirfeaḋaċ leoṁain: giḋ bé ḃrostuiġios ċum feirge é peacuiġ sé a naġaiḋ a anma féin.


Ar son na cúisisi do ḃi an ríġ feargaċ agus ro ḟíoċṁar, agus dfúagair sé duoine críonna na Babilóine uile do scrios.


¶ Annsin daiṫin Nebuċadnessar iona ḃuile agus iona ḟeirg, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego do ṫaḃairt ċuige. Annsin ṫugadar na daóinesi a laṫair an ríġ.


¶ Annsin do ḃí Nebuċadnessar lán do ċúṫaċ, agus daṫruiġ dealḃ a aiġṫe a naġuiḋ Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego: uimesin do laḃair sé, agus do aiṫin sé a nfuirnis do ṫéaġaḋ seaċdnuáire ní is mó ná mar cleaċdaoi a téaġaḋ.


Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.


A ṁná, bíġiḋ úṁal dá ḃur ḃfearuiḃ féin, aṁuil do ḃíaḋ siḃ don Tíġearna.


Uime sin aṁuil atá a neagluis úṁal do Ċríosd, go maḋ haṁluiḋ sin ḃías na mná dá ḃfearuiḃ féin a ngaċ éinní.


Ní ċoigeola an TIĠEARNA eision, aċd annsin lasfuiḋ fearg an TIĠEARNA agus a éud a naġaiḋ an duinesin, agus luiġfid na mallaċda atá scríoḃṫa san leaḃarso uilé air, agus scriosfuiḋ an TIĠEARNA a ainm ó ḃeiṫ faói neaṁ.


Bioḋ na mná, mar an gcéudna, úṁarl dá ḃfearuiḃ fein; ionnas, go ḃféudfuiḋe an dream naċ dtaḃair úṁlaċd don ḃréiṫir, do ṫarruing a ḃféugṁuis na bréiṫre tré ċoinḃearsáid na mban;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ