Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Háaron, Iomċóra tusa agus do ṁíc agus tiġ haṫar maille leaċd éigceart na sanctóra: agus iomċóra tusa agus do ṁíc maille leaċd aindliġeaḋ ḃur sagartaċda.
Cread fá nár iṫeaṁair a nofráil ṗeacuiḋ an sa náit náoṁṫa, ó ta sé ró náoṁṫa, agus do ṫug Día ḋiḃsi é diomċar ċionta an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ sióḋa ar a son a laṫáir an TIĠEARNA?
An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a ioḋḃairt éunuáir aṁáin ċum peacuiḋ ṁóráin do sgríos dó; agus búḋ léir é an dara huáir gan ṗeacaḋ don druing atá ag fuireaċ ris ċum slánuiġṫe.
Do réir uiḃre na laéṫeaḋ a raḃáḃair ag féuċuin a nfearuinn, ceaṫraċad lá, (gaċ éanlá ar son blíaḋna,) iomċorṫáoi ḃur néicceart, sé sin ceaṫraċad blíaḋan, agus aiṫeontáoi mo ḃriseaḋ geallaṁnasa.