Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ḃráiṫreaċasan ris, Fág so agus imṫiġ go tír Iúdaiġe, do ċum go ḃfaicfidis do ḋeisciobail fós na hoibreaċa do ní tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus duḃairt a ḃráiṫre leis: Fág seo, agus imṫiġ go n-Iudaia, ċun go ḃfeiciḋ do ḋeisciobail fosta na h-oibreaċa seo agat a ġní tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’á ḃriġ sin aduḃairt a ḃráiṫre leis, Fág an áit seo, agus imṫiġ go h‐Iúdaea, ċum go ḃfeicfiḋ do ḋeisceabail na gníoṁarṫa do‐ġní tú, ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus duḃairt a ḃráiṫre féin leis: Fág an áit seo agus eiriġ isteaċ i n-Iúdaéa i dtreó go ḃfeicfid do ḋeisgiobuil féin na gníoṁarṫa a ḋeineann tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 7:3
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Déanam a nois, ar a naḋḃarsin agus marḃam é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur ṁarḃ droċḃeiṫeaċ éigin é: agus do ċífeam créud ṫiucfas dá aislingiḃ.


Oír do fríṫ do ḋearḃráiṫre féin, agus fós tiġ haṫar go meaḃlaċ ortsa; aseaḋ, do ġoiriodar iomad ad ḋiáiġ: ná creid íad, bíoḋ go laiḃeoraidís bríaṫra breáḋa riot.


Agus ar mbeiṫ ḋó fós ag laḃairt ris an bpubal, féuċ, do ṡeasadar a ṁaṫair, agus a ḋearḃraiṫreaċa a muiġ, ag íarraiḋ laḃarṫa ris.


Agus an tan do ċúaladar a ċáirde so, tangadar a maċ do ḃreiṫ air: óir a duḃradar, Go raiḃ sé ar míċéill.


Uime sin tangadar a ḋearḃráiṫre agus a ṁaiṫar, agus, ar seasaṁ a muiġ ḋóiḃ, do ċuireadar fios ċuigesion dá ġairin.


Agus tangadar a ṁaṫair agus a ḋearḃraiṫreaċa ċuige, agus níor ḃéidir leó dul a ngar ḋósan ón tslúaġ.


Agus so hinniseaḋ ḋó, ag ráḋ, Atá do ṁaṫair agus do ḋearḃraiṫreaċa na seasaṁ a muiġ, ag iarruiḋ tfáicsin.


Agus do goireaḋ Iósa fós agus a ḋeisciobail, ċum an ṗósda,


Ar a nadḃarsin, ar na gcloisdin so, do ṁórán dá ḋeisciobluiḃsion, a duḃradar, As crúaiḋ an coṁráḋ so; cía lér ab éidir éisdeaċd ris?


O sin amaċ do ċúadar mórán dá ḋeisciobluiḃ tar a nais, agus níor ṡíoḃladar ní sa ṁó leis.


Aċd tar éis a ḃráiṫreaċ imṫeaċd suás, do ċúaiḋ seisean mar an gcéadna suás ċum na sollamna, ní ós áird, aċd mar ḋe ós iseal.


Oír ní ḋéunann neaċ ar biṫ éin ní a ḃfolaċ, agus iárrus é féin do ḃeiṫ oirḋeirc. Má ní tú iád so, foillsiġ ṫú féin don tsáoġal.


Oír níor ċreideadar a ḃráiṫreaċa féin fós ann.


Aċd ar seasaṁ do Ṗeadar a ḃfoċair a naóin easbuil dég, dárdaiġ sé a ġúṫ, agus do laḃair sé ríu, A ṗobail Iúdaiḋe, agus a luċd áitiġe Iarusalém uile, bíoḋ a ḋeiṁin só agaiḃ, agus éisdiġ rém ḃríaṫruiḃ:


¶ Agus do ċuála Eliab a ḋearḃráṫair bá sine a núair do laḃair sé ris na daóiniḃ; agus do las fearg Eliab a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cred as a ttáiníc tusa a núas annso? agus cía ag ar ḟág tú an beagan cáoraċ sin annsa ḃfásaċ? atá fios húaḃair agamsa, agus urċoíde hinntinne; óir ṫainic tú a nuas ċum go ḃfaicfeá an caṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ